Killykeen_cavan_lakelands

Saoráil Faisnéise

Faisnéis a Lorg

Faisnéis a Lorg

Tá sé de cheart agat faisnéis a lorg nach mbíonn de ghnáth os comhair an phobail de réir aon chórais eile.  Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá trí cheart nua dlíthiúla ag cách:

  1.  Tá ceart rochtana agat ar na taifid seo a leanas atá i seilbh nó faoi rialú Comhairle Chontae an Chabháin munar taifid iad atá díolmhaithe faoin Acht:
  • Gach aon taifead a cruthaíodh tar éis tosach feidhme An Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, is é sin an 21 Deireadh Fómhair 1998.
  • Aon taifead a cruthaíodh roimh an tosach feidhme céanna, is é sin an 21 Deireadh Fómhair, 1998 agus a bhaineann le cibé nithe áirithe a bhfuil gá leo chun taifid a cruthaíodh tar éis tosach feidhme An Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 a thuiscint.
  • Taifid phearsanta a cruthaíodh am ar bith.
  • Más ball foirne tú de chuid Comhairle Chontae an Chabháin tá sé de cheart agat féachaint ar do thaifead pearsanra ó 21 Deireadh Fómhair 2005 i leith.
  1. Ceart rochtana ar fhaisnéis maidir le haon chinneadh a dhéanann Comhairle Chontae an Chabháin a théann go díreach i bhfeidhm ort féin.
  2. Tá sé de cheart agat iarraidh ar Chomhairle Chontae an Chabháin aon eolas pearsanta fút féin atá acu a cheartú má bhíonn a leithéid de thaifead míchruinn, easnamhach nó dá bhféadfadh sé duine a chur amú.

Más mian leat faisnéis atá ag Comhairle Chontae an Chabháin a lorg uainn, lean na céimeanna seo led thoil:

Céim 1

  • Priontáil an Iarratas ar Rochtain Taifead faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Céim 2

Cuir isteach freisin an táille cuí mar chuid den iarratas.

  • Féach ar na Táillí um Shaoráil Faisnéise

Ceim 3

Cuir an t-iarratas agus an táille cuí chuig an seoladh seo:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise

Comhairle Chontae an Chabháin

Teach na Cúirte

Sráid Farnham

An Cabhán

Contae an Chabháin 

Cad a tharlaíonn ansan?

Seoltar litir admhála chugat laistigh de 10 lá oibre chun a chur in iúl duit go bhfuarthas d’iarratas.

Déanfar cinneadh maidir led iarratas laistigh de 20 lá tar eis a fhála más féidir in aon chor é.

Tharlódh sé, áfach, go mbeadh an-chuid taifead i gceist agus go mbeadh 20 lá oibre eile uainn chun an próiseas a chur i gcrích; más amhlaidh a bhíonn nó má bhíonn aon fhadhb eile maidir led iarratas coimeádfar ar an eolas tú.

Má bhíonn aon cheist eile agat faoi shaoráil faisnéise, déan teagmháil linn led thoil de réir na sonraí seo a leanas:

Sonraí Teagmhála

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise

Teach na Cúirte

Sráid Farnham

An Cabhán

Contae an Chabháin

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.